Tá príomhaoire Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh tagtha i gcomharbacht ar an Teachta Dála Peadar Tóibín mar urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an phairtí.

Is é an Teachta Ó Snodaigh an Cathaoirleach nua ar an Choiste Oireachtais um Chultúr, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Is ball é anois freisin de Choiste Oireachtais na Gaeilge.  Bhí an cúram seo air faoi dhó cheana féin.

Cuireadh an Teachta Peadar Tóibín a bhíodh an cúram seo air ar fionraí ar feadh sé mhí ó Shinn Féin an tseachtain seo caite mar gur vótáil sé i gcoinne reachtaíocht ghinmhillte sa Dáil.

Bhí Peadar Tóibín i measc na bpolaiteoirí ba ghníomhaí sa bhfeachtas i gcoinne aisghairm ar Ochtú Leasú na Bunreachta.