Léiríonn taighde atá déanta ag na seandálaithe Micheál Ó Giobúin agus Richard Long ar iarsmaí ársa i gCeantar na nOileán i gConamara go raibh daoine i gcónaí ansin 7,000 bliain ó shin.

Thángthas ar na hiarsmaí ar an Trá Bhán i gCeantar na nOileán. 

Deir an Seandálaí Micheál Ó Giobúin go dtugann na clocha agus na sliogéisc a scrúdaigh siad le fios go raibh an ceantar plódaithe le daoine 7,000 bliain ó shin.

"Tugadh sé fianaise iontach tabháchtach dúinn go raibh daoine ag maireachtáil i gCeantar na nOileán agus timpeall ar an chósta seo sa mheán-chlochaois," arsa Ó Giobúin.

Cuireadh an t-eolas ar shúile an phobail ag cruinniú poiblí aréir.

Deir an Seandálaí Richard Long a rinne scrúdú ar na hiarsmaí fosta go bhfuil seandálaithe ag cur spéise i suíomhanna eile sa cheantar thart ar Loch an Mhuilinn, áit ina bhfuil crannóga go leor ann agus cosáin faoin uisce.