Dúirt an ceannaitheoir éisc Bertie Ó Flatharta go gcuirfeadh na srianta atá molta ar chuóta na ronnach isteach ar iascairí sa tír seo.

Tá comhdháil idirnáisiúnta ar bun i gCorcaigh an tseachtain seo ina bhfuil cuótaí ronnach a phé.

Moladh ag an Chomhdháil go ndéanfaí laghdú 61% ar chuóta na ronnach i gcás iascairí na tíre seo. 

Deir Bertie Ó Flatharta go bhfuil caighdeán na n-éisc ar an chósta thiar laghdaithe ach gur beag maith a bheadh ann srianta a chur ar iascairí na tíre seo agus cead a gcinn ag báid mhóra as tíortha eile.