Tá duine de na daoine is sinsearaí a bhí le Fianna Fáil i gContae na Gaillimhe, Michael Fahy ag iarraidh dul leis an pháirtí arís.

Bhí an Comhairleoir Fahy ina bhall den pháirtí gur éirigh sé as in 2004 nuair a rinneadh fiosrúchán faoin mhí-úsáid airgid de chuid na Comhairle Contae d’obair a rinneadh ar a thalamh i gceantar Ard Raithin.

Ciontaíodh an Comhairleoir Fahy i seacht gcúiseanna a bhain le húsáid a bhaint as €7,000 de chuid Chomhairle Contae na Gaillimhe faoi dhúmas bréige le sconsa a tógadh ar a chuid talamh.  

Gearradh bliain priosúin air in 2007 agus gearradh fíneáil €75,000 air ag an am.

Rialaigh an Chúirt Achomhairc Choiriúil in 2011 gur chóir ciontú an chomhairleora contae a chur ar neamhní.

Níor ordaigh an chúirt gur chóir trial nua a shocrú.

Beidh sé faoi ArdChomhairle Fhianna Fáil cinneadh a dhéanamh ar cheart cead a thabhairt don Chomhairleoir Michael Fahy ballraíocht a fháil sa pháirtí arís.

Togadh Michael Fahy den chéad uair i 1979.