Tá an pas preasa a bhí ag Comhfhreagraí CNN Jim Acosta don Theach Bán curtha ar ceal.

Thug Uachtarán Mheiriceá Donald Trump íde béil don iriseoir ag ócáid phreasa inné agus dúirt sé leis gurb ionann é agus "namhaid na ndaoine."

Dúirt an tUachtarán le Jim Acosta gur droch-iriseoir é agus gur duine drochbhéasa é fosta i ndiaidh gur dhiúltaigh an t-iriseoir d’ordú ón Uachtarán suí síos agus an micreafón a bhí aige a leagan uaidh.

Bhí Jim Acosta a cheistiú maidir le cúrsaí imirce agus líomhaintí faoi ról na Rúise  ina thoghadh.

Dúirt Urlabhraí thar ceann an Tí Bháin, Sarah Sanders gur leag Jim Costers a lámha ar intéirneach nuair a thriall sí an micreafón a thabhairt uaidh.


Dúirt CNN go léiríonn pictiúirí teilifíse go raibh an t-intéirneach ag iarraidh micreafón a bhaint ó Jim Accosta.

Dúirt Cumann Comhfhreagraithe an Tí Bháin nach bhfuil aon ghlacadh acu leis an chinneadh agus go bhfuil sé as bealach ar fad.