Cailleadh an ceoltóir, an cumadóir agus an fear léinn, an tOllamh Mícheál Ó Suilleabháin in aois 67 bliana d’aois.
Rugadh Mícheál Ó Suilleabhán i gCluain Meala i mí na Nollag sa bhliain 1950, áit ina raibh siopa beag grósaeireachta ag a mhuintir.
Ba léir ó aois an-óg go mbeadh ar a chumas draíocht a bhaint as pianó.
Thosaigh sé ag freastal ar ranganna pianó ina óige agus faoin am a raibh sé ina dhéagóir bhí an giotár faoina smacht aige chomh maith agus é ag cur bannaí ceoil le chéile.
Ba é Mícheál Ó Súilleabháin an chéad duine ina theaghlach a fuair oideachas 3ú leibhéal.
Tháinig sé faoi anáil an teagascóra Sean Ó Riada i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.
Teagascóir ab ea é féin óna 1970aidí i leith. Bhí sé ina cheannasaí ar an Roinn Ceoil i gColáiste na hOllscoile Chorcaigh.
I measc a shaothar, tá: The Dolfins Way, Oileán, Casadh, Gaisce agus Woodbrook.
Cuimhneofar air freisin as stiúradh a dhéanamh ar an seó leathama Lumen a taispeánadh ag an Chomórtas Eurofíse i 1995.
Ollamh Emeritus le Ceol ag Ollscoil Luimnigh ab ea é.
Bhí sé ina bhunaitheoir agus ina stiúrthóir ar Acadamh Ceoil agus Rince Domhanda na hÉireann.
D'éirigh sé as a chuid cúramaí ollscoile i 2016.
Dúirt Ollscoil Luimnigh go bhfuil oidhreacht shaibhir fágtha ina dhiaidh ag an Suilleabhánach agus go bhfuil daltaí as breis agus leathchéad tíortha ag tarraingt ar an Acadamh a bhunaigh sé.
Bhí cáil ar an chomhréiteach a rinne Mícheál Ó Suilleabháin ar cheol traidisiúnta agus ar cheol clasaiceach.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
B'iomaí ceoltóir agus amhránaí traidisiúnta a sheinn sé leo ar fud na cruinne.
Craoltóir cumasach ab ea é fosta.
Bhronn Coláiste na hOllscoile Corcaigh Céim Dochtúireachta Oinigh air in 2005.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Ba é an chéad duine ar bhronn Comhaltas Ceoltóirí Éireann Ollamh na hÉigse air in 2006.
Sa bhliain 2011, bronnadh Gradam na Comaoine TG4 air mar aitheantas ar a chuid saothair.
Bronnadh Saoirse Chluain Mheala air i 2016.
Dúirt an tUachtarán, Michael D. Higgins go bhfánfaidh saothar agus ceol Mhíchíl Uí Shulleabháin i gcuimhne na ndaoine go deo.
Maireann a bhean an tOllamh Helen Phelan agus a mac Luke, a beirt mhac, Eoin agus Micheál agus a matháir siúd, an Dr Nóirín Ní Riain.