D'iarr an Taoiseach Leo Varadkar ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte bainistiú níos fearr a dhéanamh ar an mbealach a dtógann daoine sa tseirbhís a gcuid saoire faoi Nollaig.

Ag labhairt dó agus é ar thuras oifigiúil go Heilsincí san Fhionlainn, dúirt an Taoiseach gur sa chéad choicís den bhliain is gnóthaí a bhíonn an tseirbhís sláinte agus nár cheart an oiread daoine a bheith ar saoire ag an am sin.

Dúirt sé nár cheart go mbeadh aon leaba fágtha folamh mar gheall go bhfuil oibrithe ar saoire.

Bíonn an líon is mó daoine ar dualgas nuair is géire a theastaíonn siad le haghaidh seirbhísí eile agus ba cheart go mbeadh an tseirbhís sláinte amhlaidh, dar leis an Taoiseach. 

Dúirt Uachtarán Cheardchumann Dochtúirí na hÉireann an Dr Peadar Ó Giollagáin, áfach, nach mbaineann ceist na saoire Nollag le hábhar. Dá mbainfeadh, a dúirt sé, bheadh sé go mór i bhfabhar mholtaí an Taoisigh.