Dúirt an Seanadóir Neamhspleách Pádraig Ó Céidigh go léiríonn an staidéar a rinne saineolaithe ó Ollscoil Mhá Nuad agus a seoladh ag Oireachtas na Samhna Dé hAoine seo caite go bhfuil níos mó fadhbhanna sa Ghaeltacht ná in áiteanna eile sa tír.

Ag labhairt dó ar gclár 7LÁ ar TG4 aréir, dúirt an Céideach go bhfuil Ranna Stáit "ag breathnú [ar na fadhbhanna seo] ar an mbealach mícheart, dar liomsa. Tá siad ag breathnú air ó thaobh pleanáil teanga. Ní hin é an bealach le tabhairt faoi. Sin é an bealach mícheart le tabhairt faoi.

An rud a chaithfidh siad a dhéanamh ná pleanáil tithíocht, pleanáil fostaíochta, agus má tá na daoine in ann fanacht ina na Gaeltachtaí labhrós siad an Ghaeilge.

In áit a bheith á labhairt i mBostún agus Chicago agus San Francisco agus Sasana agus Sydney. Labhróidh siad má bhíonn jabanna anseo acu."

Mhaígh sé freisin nach bhfuil a ndótháin airgid á fháil ag Údarás na Gaeltachta.

"Níl siadsan ag fáil, ar chuile phost a chruthaíonn siad, ach 40% den airgead a fhaigheann Fiontar Éireann agus an IDA. Tá siad ag snámh in aghaidh an easa. Níl siad ag fáil an leibhéal céanna fiú. An rud atá ag teastáil ná go mbeadh tascfórsa le go mbeadh cumhacht éigin acu, a bheadh in ann dul trasna ar rannóga éagsúla."