Tá duine de na daoine a ndearna an múinteoir Gaeilge Domhnall Ó Lubhlaí ionsaí gnéis air ag iarraidh go gcuirfí tuairisc an Gharda Síochána faoin gcás ar fáil dósan agus do na híospartaigh eile sa chás. 

Tá Liam Ó Maolaodha tar éis scríobh chuig an Aire Leanaí Katherine Zappone ag achainí uirthi an tuairisc a chur ar fáil. 

Rinne Domhnall Ó Lubhlaí ionsaithe gnéis ar Liam Ó Maolaodha nuair a bhí sé ina dhalta scoile ag tús na seachtóidí. 

Craoladh scéal Liam Uí Mhaolaodha agus cuid de na híospartaigh eile i sraith tuairiscí ar Nuacht TG4 sa bhliain 2013, trí seachtaine tar éis bhás Uí Lubhlaí. 

Cé gur cúisíodh Domhnall Ó Lubhlaí in ionsaíthe gnéis, d'éirigh leis trí bhíthin athbhreithniú breithiúnach cosc a chur ar thriail. Ceann de na cúiseanna gur éirigh leis athbhreithniú breithiúnach ná gur chaill na Gardaí fianaise thábhachtach a bhain le Domhnall Ó Lubhlaí. 

Sa litir a chuir sé chuig an Aire Zappone, dúirt Liam Ó Maolaodha gur gheall an tAire Dlí agus Cirt chomh maith le Coimisinéir an Gharda in 2013 go bhfiosrófaí an chaoi a ndeachaigh na Gardaí i ngleic le cás Uí Lubhlaí agus go bhfoilseofaí tuairisc ina leith. 

Cé go ndearnadh roinnt agallamh [le híospartaigh], a dúirt sé, níl aon tuairisc curtha ar fáil. 

I bhfreaga a thug na Gardaí do Liam Ó Maoladha in 2014, dúradh nach bhféadfaí an tuairisc a fhoilsiú mar go raibh eolas íogair inti faoi na híospartaigh.

I bhfreaga a sheol sí chuig Liam Ó Maoladha an tseachtain seo caite, dúirt an tAire Zappone gur mó de bhaint atá ag an Roinn Dlí agus Cirt leis an scéal ná ag a Roinn féin. Mhol sí dó scríobh chuig an Aire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan.