Tá scríofa ag ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin chuig an Taoiseach ag rá leis go bhfuil sé ag iarraidh ar Fhianna Fáil agus ar Fhine Gael a rá amach nach gcuirfidh siad deireadh leis an Rialtas i bhfianaise an méid atá tarlaithe le cúpla lá agus i bhfianaise go bhfuil cainteanna cinniúnacha ar na bacáin maidir leis an mBreatimeacht.

Bheadh imní ar mhuintir na hÉireann agus ábhar acu a deir Micheál Martin faoin tionchur a bheadh ag baol olltoghcháin ar chainteanna Breatimeachta.  D'fhéadfadh sé mísheasmhacht a bheadh contúirteach a chruthú a dúirt ceannaire Fhianna Fáil.

Dúirt Micheál Martin go bhfuil sé ar fáil chun an t-ábhar a phlé.