Tá maoiniú breise de €250,000 ceadaithe d'Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn le tacú lena gceangal tras teorann.  

Dúirt an tAire Stáit Joe Mc Hugh go bhfuil an t-airgead a cheadú fosta le tacaíocht a thabhairt do thograí atá dírithe ar mhic léinn agus cuideoidh sé daoine óga a mhealladh i dtreo oideachais tríú leibhéil san Institiúid.  

Cuideoidh an t-airgead seo fosta caidreamh níos láidre a chothú idir Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus ollscoilteacha agus coláistí ar dhá thaobh na teorann i réigiún an iarthuaiscirt, a dúirt an tAire Stáit Mc Hugh.