Tá beirt fhear maraithe ar bhóithre na tíre ó aréir

I gCo na Mí, maraíodh fear os cionn an 40 bliain a bhí ag siúl ar Bhóthar na hUaimhe agus na hOibre nuair a bhuail carr é ag 10.30 aréir.  Níor gortaíodh tiománaí an chairr, fear os cionn 20 bliain.

I gCo Ros Comáin maraíodh fear os cionn 70 bliain i dtimpiste bhóthair i mBéal na mBuillí go gairid roimh an hocht a chlog aréir.  Bhí sé ag siúl ar Shráid an Droichid nuair a bhuail carr é.  Bhásaigh an fear ar an láthair.