Dheimhnigh an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil gur iarr sé ar Denis Naughten a mhachnamh a dhéanamh ar a ról mar Aire Cumarsáide ag cruinniú a bhí ag an mbeirt aréir.

Dúirt an Taoiseach gur iarr sé é seo air nuar a tháinig sé chun solais go raibh cruinnithe eile ag Denis Naughen leis an bhfear gnó David McCourt. 

Bhí comhlacht David McCourt páirteach sa ghrúpa a chuir isteach ar an gconradh don Phlean Náisiúnta Leathanbhanda agus cáineadh Denis Naughten faoin gcruinniú a bhí aige leis i Nua-Eabhrac níos túisce i mbliana. 

Dúirt Leo Varadkar, áfach, go raibh ceithre chruinniú eile ar a laghad ag Denis Naughten leis an bhfear gnó nach raibh aon eolas poiblí fúthu roimhe seo. 

Ní raibh oifigigh na Roinne Cumarsáide i láthair ag aon cheann de na cruinnithe sin, a dúirt sé.

Tá tuarascáil neamhspléach ar an Plean Náisiúnta Leathanbhanda iarrtha ag an Taoiseach le fáil amach an bhfuil bainte den phlean anois de bharr na gcruinnithe a bhí ag Denis Naughten le David McCourt.