Tá achainí seolta ag an gceoltóir Rossa Ó Snodaigh ón ngrúpa Kíla ag éileamh níos mó amhrán Gaeilge ar an raidió in Éirinn. 

Dar leis nach bhfuil na stáisiúin raidió ag craoladh dóthain amhrán Gaeilge ná dóthain amhrán a cumadh in Éirinn fiú. 

Mhaígh sé go bhfuil oirfidigh agus scríbhneoirí thíos leis ó thaobh airgid dá bharr. Íoctar fórmhór na ndleachtanna as ceol a chraoladh le ceoltóirí thar lear, a dúirt sé. 

Tá stáisiúin raidió áirithe ann nár chraol amhrán ar bith le Kíla riamh, a dúirt Rossa Ó Snodaigh, cé go bhfuil siad ag seinm le 30 bliain anuas.

Tá bille an tSeanadóra Fintan Warfield ó Shinn Féin ina moltar cuótaí d'amhráin Ghaeilge curtha os comhair an tSeanaid aige.

Tá muintir na hÉireann an-tógtha leis an raidió i gcónaí. 82% de dhaoine fásta a éisteann leis an raidió gach lá, de réir na bhfigiúirí oifigiúla is deireanaí. 

Tá achainí idirlín Rossa Ó Snodaigh sínithe ag os cionn 700 duine go dtí seo.