Tá Roinn na Gaeltachta ag iarradh an t-aerstráice ag Aerfort na Mine in Indreabhán i gConamara a cheannach.

Tá litir seolta inniu ag Roinn na Gaeltachta chuig Aer Árann, ar leo an tAerfort, ag iarraidh orthu dul i mbun cainte leis an Roinn faoin aerstráice a dhíol. 

Teastaíonn ón Roinn go leanfadh Aer Árann leis an gconradh atá acu seirbhís aeir a chur ar fáil do na hOileáin Árann fad is a bheas na comhráite ar bun. 

Bhí fógra tugtha ag Aer Árann go mbeadh an conradh á chur ar ceal acu ag tús mhí na Nollag mar go raibh siad míshásta le coinníollacha áirithe a bhain leis. Bhí an conradh le maireachtáil go dtí deireadh na bliana 2020.

Ní raibh úinéir Aer Árann Pádraig Ó Céidigh sásta aon ráiteas a dhéanamh faoin scéal inniu ach creideann an Roinn go bhfuil suim ag an gcomhlacht an t-aerstráice a dhíol. 

Bhí cruinniú ag grúpa as Árainn leis an Aire Stáit Joe McHugh inniu faoin scéal. Dúirt siad go raibh súil acu go mbeidh deireadh leis an siar is aniar ar fad faoin tseirbhís aeir i bhfianaise an choir is deireanaí faoin scéal.