Tá an tAire Cumarsáide Denis Naughten le ráiteas a dhéanamh agus le ceisteanna a fhreagairt sa Dáil ag 3 a chlog inniu faoi na teagmhálacha a bhí aige leis an bhfear gnó Meiriceánach David McCourt. 

Bhí comhlacht David McCourt páirteach sa ghrúpa a chuir isteach ar an gconradh don Phlean Náisiúnta Leathanbhanda.  

Duirt an Taoiseach Leo Varadkar go raibh cruinniú aige le Denis Naughten aréir le soiléirú a fháil faoin scéal.

Dúirt an Taoiseach go raibh sé go breá go mbuailfeadh Aire Rialtais le daoine a bheadh páirteach i bpróiseas tairisceana fad is nach bpléifidís aon ní faoin tairiscint féin. 

Dúírt sé chomh maith nach leis an tairiscint a phlé a bhí dinnéar ag Denis Naughten agus David McCourt i Nua-Eabhrac níos túisce i mbliana.  Thug sé le fios gur luaigh an fear gnó an tairiscint le linn an dinnéir ach gur dhiúltaigh an tAire é a phlé leis.