Tá foláireamh aimsire a bhfuil stádas flannbhuí aige eisithe ag Met Éireann do chodanna áirithe den tír níos deireanaí inniu.  

Foláireamh gaoithe atá i gceist agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ag a 10 a chlog anocht i gCorcaigh agus i gCiarraí, agus meánoíche i nDún na nGall, i nGaillimh, i Maigh Eo, i Sligeach, sa Chlár, i mBaile Átha Cliath, i i Lú, i Loch Garman, i gCill Mhantáin, sa Mhí agus i bPort Láirge.

Séidfidh gaoth láidir a mbeidh luas suas le 130 cimeamádar san uair fúithi.