Dúirt Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge Liam Ó Maolaodha nach bhfuil sé cinnte an mbeifear in ann an fhéile a reáchtáil mar atá sí faoi lathair ón mbliain 2021 amach mar gheall ar ghanntan airgid.  

Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthóna, dúirt sé go mbeadh áit roghnaithe, láthair curtha in áirithe agus réamhshocruithe eile déanta de ghnáth faoin tráth seo in am do na blianta 2021 agus 2022, ach nach bhfuil sé sin déanta go fóill.

Mhaígh Liam Ó Maolaodha go bhfuil maoiniú Oireachtas na Gaeilge laghdaithe go mór agus nach mbeifear in ann féile mhór na nGael mar atá faoi láthair a eagrú amach anseo mura dtagann athrú ar chúrsaí.