Tá sé dearbhaithe ag an Aire Cumarsáide Denis Naughten go ndearna sé socruithe le go bhféadfadh an fear gnó David McCourt agus a chlann cuairt a thabhairt ar bhialann Dháil Éireann. 

Chuaigh David McCourt chuig an mbialann lena bhreithlá a cheiliúradh.

Bhí comhlacht David McCourt páirteach sa ghrúpa a bhí ag déanamh iarratais le conradh a fháil chun seirbhís leathanbhanda a sholathár sa Stát.

Dúirt Denis Naughten nach bhfuil a fhios aige cé a d'íoc as an mbéile a chaith muintir McCourt sa bhialann.