Chuaigh sochraid Emma Mhic Mhathúna thar Thithe an Rialtais, Theach Laighean agus an Roinn Sláinte tar éis an Aifrinn éagnairce sa Leas-Ardeaglais i mBaile Átha Cliath.

Thug an slua agus polaiteoirí a bhí bailithe taobh amuigh de Theach Laighean bualadh bos don tsochraid agus í ag dul thar bráid. 

Bhí an bhratach náisiúnta ar leathchrann os cionn Thithe an Rialtais ina hómós ar iarratas an Taoisigh.

Sochraid Emma Mhic Mhathúna ag dul thar Thithe an Rialtais 

Chuaigh an tsochraid thar Áras an Uachtaráin ina dhiaidh sin ar a bealach go dtí reilig Láithreach Briúin i Maigh Nuad, mar ar adhlacadh í tráthnóna.

Bhí os cionn 1,000 duine i láthair ag an Aifreann éagnairce sa Leas-Ardeaglais.

Bhásaigh Emma Mhic Mhathúna Dé Domhnaigh seo caite de bharr ailse cheirbheacs.

Dúirt príomhcheiliúraí an Aifrinn an tAthair Paddy Moran - ar gaol léi é - gur chreid Emma gur earráid dhaonna seachas rún Dé ba chúis lena tinneas. Bean í a raibh creideamh láidir aici, a dúirt an tAthair Moran.

Dúirt sé gur mhór aici agus ag a muirín na leithscéalta a gabhadh léi faoi na botúin a rinneadh ina cás. Dúirt sé freisin nár labhair sí riamh le teann mailíse, feirge ná searbhais faoi na leithscéalta sin.

Bhí Emma Mhic Mhathúna, 37 bliain d'aois, ar dhuine de na chéad mhná a tharraing aird ar an gconspóid a bhain leis na dearmaid a rinneadh sa chóras scagthástala d'ailse cheirbheacs.