Tá bean 46 bliain d'aois cúsithe ina fear céile a dhúnmharú i Maigh Chromtha in iarthar Chorcaí níos túisce an tseachtain seo. 

Tugadh Rita O'Driscoll os comhair Chúirt Dúiche Mhaigh Chromtha ar maidin.

Sádh agus maraíodh Timmy Foley, 44 bliain, i dteach ar an mbaile go moch ar maidin Dé Luain

Cuireadh Rita O'Driscoll siar faoi choinneáil agus tabharfar os comhair cúirte arís í Dé Céadaoin seo chugainn.