Dúirt an Dr Gabriel Scally go bhfuil imní air go bhféadfadh sé go bhfuil mná eile fós ann a ndearnadh míléamh ar a dtástálacha smearaidh ceirbheacs agus nár áiríodh go dtí seo. 221 bean atá i gceist go dtí seo de réir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Rinne an Dr Scally agus an Dr Karin Denton ón mBreatain athbhreithniú ar an gconspóid agus tá tuilleadh ceisteanna curtha acu an tseachtain seo ar an bhFeidhmeannacht maidir leis an modh oibre a bhí acu agus iad ag iarraidh na mná a bhí i gceist a aithint.

Dúirt an Dr Scally go raibh an modh oibre seo lochtach agus nárbh eol dósan aon bhunús a bheith leis.

Tá an Dr Scally ag labhairt inniu le Coiste Sláinte an Oireachtais faoin athbhreithniú a rinne sé ar an gclár náisiúnta scagthástála d'ailse cheirbheacs.