I gCúirt Uachtarach na Breataine i Londain, d'éirigh leis an achomharc a rinne úinéirí bácúis i mBéal Feirste faoi rialú go ndearna siad leatrom ar bheirt fhear nuair a dhiúltaigh siad cáca bainise le mana faoin bpósadh comhghnéis a réiteach dóibh.

D'aontaigh an cúigear breitheamh sa chúirt nach leatrom a bhí i gceist.

Rialaigh siad nach ndearnadh éagóir ar na fir iad féin mar go raibh lucht bhácús Ashers sásta freastal orthu. Bhain an cás leis an mana áirithe a iarradh agus le creideamh na n-úinéirí, a dúradh