Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin nach dóigh leis go mbeidh toradh ar na cainteanna faoin gComhaontú Muiníne agus Soláthair faoi Shamhain.

Bhí cainteanna ag Micheál Martin leis an Taoiseach Leo Varadkar aréir i bhfianaise Bhuiséad an lae inné faoi shíneadh a chur leis an gcomhaontú agus faoina bhfuil i ndán don Rialtas. 

Mhaígh Leo Varadkar go bhféadfadh toradh a bheith ar na cainteanna faoi Shamhain dá dtabharfadh gach dream fúthu le teann díocais. 

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt Micheál Martin freisin nach dóigh leis gur smaoineamh maith é olltoghchán a ghairm i mbliana.