Tá iarrtha ag an Taoiseach go mbeadh an bhratach náisiúnta ar foluain ar leathchrann os cionn Thithe an Rialtais in ómós Emma Mhic Mhathúna a bhásaigh Dé Domhnaigh seo caite de bharr ailse cheirbheacs.

Rachaidh sochraid Emma Mhic Mhathúna, a bhí 37 bliain d'aois, thar Thithe an Rialtais, Theach Laighean agus an Roinn Sláinte inniu, mar a d'iarr sí féin. 

Bhí sí ar dhuine de na mná a tharraing aird ar an gconspóid a bhain leis na dearmaid a rinneadh sa chóras scagthástala d'ailse cheirbheacs.

Adhlacfar Emma Mhic Mhathúnaí i Maigh Nuad inniu tar éis Aifreann 12.25 sa Leas-Ardeaglais i mBaile Átha Cliath.