Stopfaidh sochraid Emma Mhic Mhathúna amárach ag Tithe an Rialtais, Teach Laighean, An Roinn Sláinte agus ag Áras an Uachtaráin, a deir a muintir i ráiteas inniu.
Dúirt siad gur iarracht atá anseo daoine sna hinstitiúidí sin a spreagadh a ndícheall a dhéanamh chun a chinntiú nach dtarlóidh tragóidí mar seo arís.
Bhásaigh an bhean 37 bliain, a raibh cúigear clainne uirthi, arú inné de bharr ailse cheirbheacs. Rinneadh míléamh ar thástálacha smearaidh a cuireadh uirthi.
Níos luaithe inniu, léadh Aifreann sochraide Emma i Séipéal na Carraige i gCorca Dhuibhne i gCiarraí.
Adhlacfar Emma Mhic Mhathúna amárach i Maigh Nuad tar éis Aifreann 12.25 sa Leas-Ardeaglais i mBaile Átha Cliath.