Tá sé dearbhaithe ag na Gardaí gur bhásaigh bean tar éis di a bheith sáite i nDún Dealgan i gCo Lú tráthnóna.

Deirtear gur bean sna fichidí ón Liotuáin a bhí inti.  

Tugadh go hOspidéal Naomh Muire Lourdes i nDroichead Átha í ach cailleadh ann í.

Tá fear sna caogaidí gafa ag na Gardaí.