Tá gasúirín beag as Béal Feirste, atá ag fanacht ar chroí nua tar éis daltaí i scoil áitiúil a spreagadh le bheith ina ndeontóirí orgán.

Tá croí nua ag teastáil ó Dháithí Mac Gabhann, atá 22 mí d'aois.

D'oireasa an chroí nua, ní mhairfidh sé.

Shínigh nach mór an fhoireann agus na daltaí go léir ó Choláiste Feirste, iarbhunscoil lán Ghaeilge, an clár deonú orgán tar éis chuairt Dháithí.

Rugadh Dáithí Mac Gabhann le siondróim hipeapláiseach croí clé, a chiallaíonn nár fhorbair an taobh chlé dá chroí.

Tá a thuismitheoirí i mbun dianfheachtais, ag iarraidh feasacht a ardú ar an ghá do dheontóirí organ.

Tá Dáithí ag fanacht anois os cionn 100 lá le deontóir foirsteanach.

Deir a thuismitheoirí go bhfuil an tacaíocht atáthar a fháil, ionspioráideach.