Deir Coiste Pobail Chill Charthaigh go bhfuil díomá orthu faoin chinneadh atá deanta ag úinéirí Dhrioglann Shliabh Liag na pleananna a bhí acu foirgneamh nua don drioglann a bhogadh as an cheantar chuig Ard an Ratha.

D’fhógair an comhlacht an cinneadh seo ag cruinniú poiblí níos luaithe an tseachtain seo. Dúirt siad nach bhféadfadh siad fanacht go mbeadh achrann dlí maidir le húinéireacht talún a bhí ceannaithe acu don drioglann socraithe ag cúirt.

Bhí cruinniú ag LárChomhairle Paróiste Ghleann Cholmcille faoin scéal aréir ach ní tháinig aon ráiteas ón chruinniú sin. In Eanáir 2017 fuair an comhlacht Drioglann Shliabh Liag cead pleanála le drioglann nua uisce beatha a thógáil ar láthair 20 acra idir sráidbhaile na Carraige agus Gleann Cholmcille.

Bhí 40 post le cruthú anseo de réir a chéile. Deir an comhlacht go rabh na conarthaí sínithe aistrithe idir dlíodóirí agus éarlais íoctha acu ar an talamh. Níos déanaí thoisigh achrann dlí idir an té a dhíol an talamh leis an chomhlacht agus fear eile atá ag maíomh seilbh ar an talamh sin.

Tuigtear gur cuireadh tús le hinmeachtaí cúírte idir an dá pháirtí sa chás sin i mí Meitheamh 2018.

I ráiteas a rinne Drioglann Shliabh Liag ag cruinniú poiblí ar an Charraige Dé Luain, d’fhógair siad nach bhféadfadh siad fanacht go mbeadh an t-aighneas dlí sin socraithe agus dá bhrí sin go bhfuil láthair eile ceannaithe acu in Ard an Rátha, atá 20km ón Charraig.

Tá an comhlacht anois le hiarratas pleanála a dhéanamh leis an drioglann nua uisce beatha a thógáil ar an láthair seo.

Deir Seán Ó Beirn, Oifigeach Caidreamh Poiblí Choiste Pobail Chill Chárthaigh go bhfuil an ceantar anois le 40 post agus bfhéidir postanna eile ar an imeall a chailleadh i gceantar na Carraige de bharr an aighnis nach bhfuil ach roinnt daoine san áit ar a chúl.

Deir sé go bhfuil tacaíocht fhormhór mhuintir na háite ag úinéirí Dhrioglann Shliabh Liag, James agus Moira Doherty a tháinig ar ais chuig an cheantar ó thar lear leis an ghnó a bhunú. Deir sé gur cheart don phobal áitiúil gan deis mar seo a ligean uathu agus a dtacaíocht iomlán a léiriú don chomhlacht atá ag iarraidh fostaíocht a chruthú in áit a bhfuil daoine óga ag imeacht as. 

Deir lucht gnó in Ard an Rátha go bhfuil fáilte roimh an drioglann teacht chuig an bhaile s’acusan agus go gcruthóidh sé breis fostaíochta ansin agus tuilleadh gnó.

Bhí cruinniú ag LárChomhairle Paróiste Ghleann Cholmcille aréir leis an scéal a phléagus bhí siad le ráiteas a eisiúin ina dhiaidh. Ní tháinig aon ráiteas uathu tráthnóna Dé hAoine áfach.

Seo a leanas ráiteas a d'eisigh Lár-Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille tráthnóna:

Bhí diomú mór ar Lár-Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille (LCPG) faoin fhógra ar na mallaibh go rabhthas ag athlonnú drioglann Shliabh Liag agus go raibh buaireamh ollmhórt i measc bhaill an phobhail siocair nach ndearna LCPG níos mó le stop a chur leis seo.

Ó tharla gurb é LCPG an tionscnóir bunaidh den drioglann sa pharóiste, fuair LCPG maoiniú fá choinne staidéar féidearthachta a dhéanamh – chun féidearthacht fostáiochta den chineál sin gnó a bhunú sa cheantar. Rinneadh an doiciméad seo a chríochnú sa bhliain 2014 agus tugadh an doiciméad do dhuine le hionchas go mbeadh infheistíocht dearbhaithe ach ar an bhonn nach bhféadfaí é a dhéanamh i bpáirtíocht le grúpa pobail / deonach.

Siocair go bhfuarthas poiblíocht agus dul chun cinn go rialta, maraon le daoine na háite a fheiceáil i bhfostaíocht, thuig an Lár-Chomhairle go raibh an drioglann, le tacaíocht Údarás na Gaeltachta, ar shéala a bheith réidh.

Is sa chomhthéacs seo atá muid thar a bheith buartha go ndearnadh an cinneadh é a lonnú áit éigin eile. Mar ghrúpa, bhí muid i gcónaí iontach feasach ar an fhéidearthacht mhór a bheadh ag an drioglann agus, ag cuimhniú air seo, ba mhaith linn an deis a ghlacadh chun tacú le dearcadh gach uile dhuine sa phobal agus spreagadh a thabhairt do James agus Moira athbhreithniú a dhéanamh ar á gcinneadh athlonnú a dhéanamh agus scrúdú a dhéanamh ar roghanna eile.