Tá diomá léirithe i gContae an Chláir le cinneadh Bharún Inse Uí Chuinn bord a bhí bainteach le Armáid na Spáine a chuir ar ceant.

Déanadh an bord as ádhmad a tháinig i dtír ó bháid na hArmáide taréís dóimhsin dul go grinneall amach ó chósta Iarthar an Chláir 430 blian ó shin.

Taréis do gclár seo dul i dteangmháíl le Ardmhúsaem na hÉireann faoin mbord dúirt urlabhráí ón múseum le RTÉ trathnóna go raibh sé beartaithe acu iniúchadh a dhéanamh ar unéireacht an bhoird sula ndíolfar é.

Ba anseo amach ó Chósta Iarthar an chláir a tháinig droch chríoch ar dhá cheann do chamhlach Armáid na Spáine. Cuid ab ea iadsan do mhór-chamhlacht do suas le 130 bád a chuir chun farraige ón Spáin mar chuid de phlean chun fogha a thabhairt faoi Shasana. As an 130 bád níor fhill abhaile ach 67 ceann.



Taréis don San Estaban agus an San Marcos dul go grinneall caitheadh isteach piosaí ina raic. Bhailigh muintir na háite iad agus ina measc san bhí adhmadh a bhí gearrtha go slachtmhar - adhmad a bhíodh ar dheire na mbáid mhóra.

B'as cuid don adhmad san a deineadh bord 3 mhéadar ar fhaid a bhí i gCaislean Dhorm Olainn, bunáit Bharún Inse Chuinn go dtí na 1960daí. Tugadh do chaislean Bhun Raite go dtí seo é agus bhí sé le feiscint ag an bpobal ansan.

Le déanaí baineadh úsáid crann tógála leis an bord a thógaint amach as caisleán Bhun Raite agus tá sé tugtha go Baile Átha Cliath anois. Tá cinneadh tógtha chun an bord a dhíol ar ceant an mhí seo chughainn agus súil go ndéanfaidh sé suas le €100,000.

Ach ní mó ná sásta atá cathaoirleach choiste pobail Rinn na Spáinneach leis an gcinneadh. Dúirt Marian Tracey gur cuid d'oidhreacht Chontae an Chláir é agus nár cheart é a dhíol.

Tá doras adhmaid a bhí déanta as cláracha longa na hArmáide i Museum an Chláir in Inis. Meastar idir é seo agus an bord gur b'in eile d'ábhar adhmaid na mbád atá sa chontae.

Tá ceangal láidir déanta ag grúpa pobail ón áit seo le lucht oidhreachta sa Spáin de bharr a gceangal le cailliúnt an Armáid. 

Dúirt John Burke ó ostán an Armada anseo gur cuid shaibhair d'oidhreacht an cheantair agus an Chláir an bord agus gur cailliúnt mhór a bheadh ann má fhágann sé an contae nó fiú an tír taréis an cheaint. 

Tá an bord liostálta le díol ar ceint poiblí i gCo. Lú an mhí seo chughainn.