Dé réir eolais atá foilsithe ag an gCiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála, tá líon  iomlán na ndaoine atá ar liostaí feithimh in ospidéil na tíre ardaithe go dtí os cionn 718,165 ag deireadh mhí Lúnasa – an líon is airde riamh. 

De réir na bhfigiúirí sin bhí os cionn 48,000 gasúr ag fanacht ar choinne ospidéil nó ar chóir leighis a fháil ag deireadh na míosa seo caite, agus tá 16,000 acu sin ag fanacht le h-os cionn bliana.

Deir iar-Chomhairleoir do dhaoine atá ag dul in aois gur in olcas a bheidhs na líostaí ag dul mura gcuirtear ospidéil neamhspleácha agus nios mó leapacha ar fáil.

Tá Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh ar an ospidéal ba mheasa ó thaobh liostaí feithimh maidir le coinní cónaitheach, coinní seachtracha agus cásanna lae agus é ráite go bhfuil os cionn 50,000 duine ar liostaí feithimh deireadh na míosa seo caite.

  • 39,883 duine a bhí ar an liosta othar seachtrach
  • 10,181 duine a bhí ag fanacht le coinní lae agus le coinní cónaitheacha

Sin an líon daoine a bhí i gceist suas go deireadh mhí Lúnasa. Ní scéal nua é go bhfuil Gaillimh ag streachailt áfach. 

I ráiteas ó Saolta deir siad go bhfuil dushlán maidir le 6 rannóg san ospidéal i nGaillimh agus go bhfuil siad ag obair in éineacht leis an gCiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála le dhul i ngleic le liostaí feithimh.