Tá cosaint déanta ag an Taoiseach, leo Varadkar ar líon na ndaoine atá ar liostaí feithimh do chúram ospidéil. Dúirt an Taosieach, go bhfuiltear ag dul sa treo ceart ó thaobh líon na ndaoine atá ag fanacht le h-obráidí a laghdú.

Dúirt sé go bhfuil laghdú 10,000 ar an líon daoine atá ar na liostaí feithimh ón am seo anuraidh agus go bhfuil a bhformhór níos lú ná 6 mhí ag fanacht.

Ach d'admhaigh sé nach bhfuil aon dul chun cinn á dhéanamh ó thaobh an líon daoine atá ag fanacht le coinní i gclinicí sna h-ospidéil agus go bhfuil i bhfad in iomarca daoine ag fanacht i bhfad ró-fhada.

Rinne sé a chuid cainte i bhfianaise na bhfigiúirí atá curtha amach ag an gCiste Náisúinta um Cheannach Cóireála.