Tá ainmniúchán tugtha ag Comhairle Contae agus Comhairle Cathrach Phort Láirge do Gavin Duffy le seasamh i dtoghchán na hUachtaránachta, rud a chiallaíonn go bhfuil a dhóthain tacaíochta aige le bheith ina iarrthóir sa toghchán.

Ceathrar atá ainmnithe le seasamh sa toghchán, Gavin Duffy, Seán Gallagher, Joan Freeman agus an tUachtarán reatha, Michael D. Higgins. 

Táthar ag súil go n-ainmneoidh Sinn Féin iarrthóir De Domhnaigh agus ceaptar an Feisire Eorpach Liadh Ní Riada bheith san áireamh. Tionólfar an toghchán Dé hAoine an 26ú Deireadh Fómhair.