Tá cáineadh déanta ar Ghardaí i dtuairisc nua atá curtha amach ag an gComhairle um Chearta an Duine ar an gcaoi a ndéanann siad a gcuid oibre. 

Cáintear iad go háirithe réimhsí cosúil leis an mbealach a ndéileáileann siad le daoine a gabhtar, úsáid an láimh láidir, fiosrú coireanna fuatha agus an bealach a ndéileáileann siad leis an bpobal Romach agus leis an lucht siúil.

Dúirt an Chomhairle nach bhfuil mórán de pholasaí ann i dtaobh na ngéithe seo nó nach bhfuil polasaí ar bith ann.

Dúirt an saineolaí Cearta Daonna agus Síbhialta, Alyson Kilpatrick, a chuir an tuairisc le chéile, nach mbíonn aon cháíl mhaith ar na Gardaí - agus luann sí na tuairiscí an tseachtain seo faoin mhéid a tharla ag teach ar Shráid Fhreidric Thuaidh i mBleá Cliath agus mar ar chaith Gardaí púicíní lena n-aitheantas a cheilt.