Ní raibh an oiread daoine ar liostaí feithimh in ospidéil na tíre agus a bhí an mhí seo caite de réir na bhfigiúirí atá curtha amach ag an gCiste Náisúinta um Cheannacht Cóireála.

Taispeáineann na figiúirí go raibh 718,000 duine ar liostaí feithimh.

Bhí os cionn 514,000 ag fanacht le coinne i gclinicí sna hospidéil agus tá os cionn 74,000 ag fanacht le coinne sna bardaí lae.

Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh ba mheasa, áit a raibh os cionn 50,000 ar liostaí feithimh ag deireadh na míosa seo caite.

De réir na bhfigiúirí atá curtha amach ag an gCiste Náisiúnta um Cheannacht Cóireála, bhí os cionn 48,000 leanbh ar liostaí feithimh ar fud na tíre agus bhí 16,000 os cionn bliana ag fanacht le coinne.