Tá an ceoltóir agus an múinteoir rince seit as Corcaigh Timmy McCarthy, nó Timmy "The Brit" mar ab fhearr aithne air, tar éis bháis. Bhí sé 73 bliain d'aois agus bhí sé ag cur faoi i bparóiste Bhaile Bhuirne. 

Is minic ainm Timmy "The Brit" luaite le hathbheochan an rince seit, go háirithe i gCúige Mumhan. Dúradh faoi gur thug sé slán roinnt de na rincí a bhí ligthe i ndearmad. 

I Londain a rugadh Timmy ach b'as Corcaigh a mhuintir. Bíodh is gur theastaigh óna mhuintir filleadh ar Chorcaigh, cailleadh iad beirt sula raibh deich mbliana slánaithe ag Timmy.

I ndiaidh dó a bheith faoi chúram na mban rialta i Londain ar feadh roinnt blianta, tháinig sé go Corcaigh sna seascaidí. I ngeall ar a chanúint Shasanach agus le teann ceana a tugadh an leasainm Timmy "The Brit" air.

Bhí suim riamh aige sa cheol traidisiúnta agus fuair sé deis an tsuim sin a fhorbairt i dtithe tabhairne na cathrach, The Gables ina measc. As na seisiúin sa teach tábhairne sin a d'eascair Fhéile Cheoil Chorcaí i 1979 agus bhí Timmy ar dhuine de na bunaitheoirí.

Dúradh faoi go raibh bealach fíordheas leis agus na rincí á múineadh aige. Dhéanadh sé aithris ar leithéidí Eily Buckley ar bhuail sé léi i dteach tábhairne Dan O'Connell i gCnoc na Graí in iarthuaisceart Chorcaí agus ar fhoghlaim sé a chéad seit polca uaithi. 

Thug sé scileanna múinteoireachta Eily Buckley leis agus i gcaitheamh na n-ochtóidí agus na nóchaidí, bhíodh na mílte ag freastal ar a ranganna i gcathair Chorcaí, ar fud na tíre agus go deimhin in áiteanna chomh fada i gcéin leis an tSín. Tá sé de cháil air go ndearna sé rince seit ar Bhalla Mór na Síne.

Fágann sé oidhreacht shaibhir ceoil agus rincí ina dhiaidh, maraon lena pháirtí Rhona, a mhac, a bheirt iníonacha agus máthair a chlainne. 

Déanfar Timmy "The Brit" a thórramh i músaem Theach Tábhairne an Mhuilinn i mBaile Bhuirne amárach idir 5 agus 9 agus créamfar a chorp Dé Sathairn.