Tá leithscéal gafa le Máiría Cahill ag ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald thar ceann an pháirtí.  

I ráiteas a d'eisigh sí tráthnóna, ghabh Mary Lou McDonald a leithscéal gan cuntar le Máiría Cahill agus mhol sí a crógacht. 

Tá líomhaintí déanta ag Máiría Cahill go ndearna ball den IRA ionsaí gnéis uirthi agus go ndearna an tIRA féin fiosrúchán faoin scéal.

Léirigh Mary Lou McDonald aiféala nach raibh rialacha dochta daingne leagtha síos le cinntiú go mbeadh sé éigeantach tuairisc a thabhairt faoi líomhaintí a bhaineann le mí-úsáid gnéis ag an am a rinne Máiría Cahill gearán.

Dhiúltaigh Máiría Cahill scun scan do leithscéal Mary Lou McDonald. Dúirt sí nach leor é ar chor ar chor ar bith.

Léiríonn tuarascáil a d'fhoilsigh Ombudsman na bPóilíní sa Tuaisceart gur loic an an tseirbhís phóilíneachta ar Mháiría Cahill sa bhliain 2010.

Dúirt Ombudsman na bPóilíní Michael Maguire go bhfuil fianaise ann go raibh na póilíní ar an eolas faoi ghearáin Mháiría Cahill sa bhliain 2000 ach nár lean siad dá gcuid fiosruithe.