Tá dáta socraithe san Ardchúirt i Londain do chás sibhialta in éadan John Downey as na hArdaí i gCo Dhún na nGall maidir leis an ról a líomhnaítear a bhí aige i mbuamáil Hyde Park sa chathair sa bhliain 1982.

Ar 30 Deireadh Fómhair a chuirfear tús leis an gcás i Londain.

Maraíodh ceathrar saighdiúirí agus gortaíodh 31 eile san ionsaí buamála i mí Iúil 1982. 

Cuireadh John Downey, atá 66 bliain d'aois, ar a thriail ceithre bliana ó shin faoin ionsaí seo ach thit an cás as a chéile i ngeall ar litir a bhí faighte aige.

Bhí John Downey ar a sheachaint ar feadh na mblianta agus chuir Rialtas na Breataine litir chuige in 2007 ag rá leis nach rabhthas leis an dlí a chur air. 

Tá teaghlaigh na marbh ag tabhairt cás sibhialta in éadan John Downey.