Fógraíodh ar maidin go bhfuil 165 post le himeacht i gcomhlacht GlaxoSmith Kline i gCo.Shligigh.

Saotharlainn Stiefel atá i gceist agus imeoidh na postanna de réir a chéile as seo go ceann 3 bliana.

Monarcha deantúsaíochta cúram craicinn atá i gceist le Steifel.

Tá sé lonnaithe i bhFionnasglainn le breis is 40 bliain.

Dúnfar an mhonarcha go hiomlán sa bhliain 2021.

Deir an bhainistíocht nach raibh aon rogha ann ach an mhonarcha a dhúnadh sna blianta romhainn mar nach raibh an gnó ansin inmharthana a thuilleadh.