Tá áit faighte le fanacht anois ag an bhean agus a seisear clainne a chodail i stáisiún gardaí i dTamhlacht, Co.Bhaile Átha Cliath Dé Céadaoin seo caite.

Thug Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath é sin le fios do Margaret Cash.

Árasán 3 sheomra codlata atá i gceist.

Dúirt Margaret Cash go bhfuil an t-árasán á chur ar fáil di ar bhonn trialach ar dtús, agus má éiríonn leis an triail sin gheobhaidh sí an t-árasán ar bhonn míosúil.