skip to main content

40% d'aibhneacha, de thránna agus de chuanta na tíre truaillithe nó truaillithe go dona de réir suirbhé An Taisce.

Tugann an suirbhé le fios go bhfuil bruscar ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin ag cur as go mór do chuairteoirí.
Tugann an suirbhé le fios go bhfuil bruscar ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin ag cur as go mór do chuairteoirí.

Tá 40% d’aibhneacha, de thránna agus de chuanta na tíre truaillithe nó truaillithe go dona de réir an chéad suirbhé riamh ar chóstaí agus ar bhealaí uisce na hÉireann.

An Taisce a rinne an suirbhé thar ceann Gnó na hÉireann in Aghaidh Bruscair (IBAL).

Trá amháin sa suirbhé, Bóthar na Trá i nGaillimh, a shásaigh an caighdeán Eorpach.

Calafort amháin, Cionn tSáile i gCorcaigh, a bhain amach an slat tomhais sin.

Deir IBAL go bhfuil práinn le fadhb an bhruscair in áiteacha ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, agus thug siad suntas ar leith do Chéibh Dhúlainn i gCo an Chláir atá truaillithe go dona a deir siad agus gan aon bhosca bruscair ann.

Seo achoimre ar shuirbhé an Taisce d’IBAL.