Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris gur chuir an pictiúr de leanaí ina gcodladh i stáisiún na nGardaí arú aréir isteach ar gach duine sa tír.

Dúirt an tAire Harris nach bhféadfadh aon duine a mhaíomh go raibh an méid a tharla ceart. 

Chaith seisear páistí agus a máthair an oíche sa stáisiún Gardaí i dTamhlacht i mBaile Átha Cliath mar nach raibh siad in ann lóistín éigeandála a fháil.

Mhaígh Simon Harris gur dúshlán laethúil é tithe a fháil do dhaoine gan dídean ach go bhfuil áisíneachtaí Stáit ag iarraidh dul i ngleic leis.