Tá míol mór eile den phór Cuvier faighte marbh i gCo Dhún na nGall. I gCarraig Brachaí in Inis Eoghain a fuarthas é. 

Ta cúig cinn eile ar a laghad faighte marbh ar an gcósta idir Dún na nGall agus Gaillimh le seachtain agus tá imní ar Ghrúpa Míolta Móra agus Deilfeanna na hÉireann faoin scéal.

Deir siad go bhfuil sé thar a bheith neamhghnách an oiread sin míolta móra a fháil marbh i bhfoisceacht cúpla lá dá chéile.

Ní fios fós céard is cúis lena mbás ach tuigtear go gcuireann sonóir ó longa as dóibh. 

Níl aon sonóir ag Seirbhís Chabhlaigh na hÉireann ach baineann cabhlach na Breataine feidhm as.