Dúirt comhalta sinsearach den tseirbhís póilíneachta sa Tuaisceart go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil orthu imeachtaí Dhomhnach na Fola i nDoire i 1972 a fhiosrú.

Dúirt an Ceannfort Bleachtaireachta Ian Harrison gur cuireadh tús le fiosrúchán na bpóilíní nuair a foilsíodh tuarascáil Bhinse Saville sa bhliain 2010.

Mhaígh sé gur fiosrúchán casta atá ann agus gur bleachtairí proifisiúnta cumasacha atá ina bhun. Fiosróidh siad gach ní a chuirfear os a gcomhair go neamhchlaonta, a dúirt sé.  

Chaith Arm na Breataine 26 duine i dTaobh an Bhogaigh i nDoire ar 30 Eanáir 1972. Maraíodh trí dhuine dhéag acu, ar dhéagóirí iad seachtar acu. Bhásaigh fear eile ceithre mhí ina dhiaidh sin de bharr na ngortuithe a bhain dó an lá sin. 

Tagann ráiteas an Cheannfoirt Harrison sna sála ar an méid a bhí le rá inné ag iarcheannasaí Arm na Breataine Edwin Bramall. Dúirt seisean go mbeadh sé áiféiseach agus éagórach an dlí a chur ar na saighdiúirí a bhí freagrach as na maruithe ar Dhomhnach na Fola.