Tuigtear go bhfuil an siopa atá ag House of Fraser i nDún Droma i mBaile Átha Cliath dúnta agus go bhfuil an bhainistíocht ansin i mbun cainteanna le scrúdaitheoirí.  

Fógraíodh níos túisce go bhfuil Sports Direct leis an gcomhlacht ar leo na siopaí atá ag House of Fraser a cheannach ar 90 milliún punt steirling ach nach cuid den mhargadh an siopa i nDún Droma. 

Tá comhlacht House of Fraser faoi riarachán agus tá imní léirithe ag an gceardchumann Mandate faoina bhfuil i ndán don siopa i mBaile Átha Cliath. 

Tá 200 duine fostaithe sa siopa agus tá thart ar 100 eile a bhfuil lamháltas acu ann.