Tá Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána curtha ar an eolas faoi thimpiste bóthair i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ar bhásaigh fear dá barr.
Deir na Gardaí gur bhásaigh an fear a bhí os cionn 40 bliain d'aois tar éis don veain a bhí sé a thiomáint bualadh faoi fhál ag an gcrosbhóthar i bhFionnradharc in aice Bhóthar Mhullach Íde ag thart ar 1 a chlog ar maidin.
Tugadh an bheirt eile bhí sa charr, bean agus buachaill trí bliana déag d'aois, go dtí an t-ospidéal.
Deirtear go bhfuil an bhean go dona tinn in Ospidéal an Mater. Go dtí ospidéal na leanaí i Sráid Temple a tugadh an buachaill. Deirtear nach bhfuil sé i mbaol báis.
Dúirt urlabhraí ó Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána go raibh tuairiscí faighte ag na Gardaí faoin veain sular tharla an timpiste.