Tá píolótaí Ryanair in Éirinn, sa Bheilg, san Ísiltír, sa Ghearmáin agus sa tSualainn ar stailc lae inniu mar gheall ar aighneas faoi chúrsaí pá agus faoina gcoinníollacha oibre. Seo an cúigiú stailc lae ag píolótaí Ryanair in Éirinn de bharr an aighnis.

Dúirt ceardchumann na bpíolótaí Fórsa go gcuirfear tús le cainteanna réitigh sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre Dé Luain seo chugainn agus nach mbeidh tuilleadh stailceanna ann le linn an phróisis sin.

Tá sé tugtha le fios ag Ryanair go mbeidh 85% dá gcuid eitiltí ag imeacht mar is gnách inniu, ach nach bhfuil aon rogha acu ach thart ar 400 eitilt a chur ar ceal.

Tá an stailc ag cur as do níos mó ná 50,000 paisinéir. 22 eitilt isteach agus amach as an tír seo a cuireadh ar ceal.  

250 eitilt a cuireadh ar ceal ag deich n-aerfort sa Ghearmáin.