Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan nach bhfuil aon phlean ag an Rialtas faoi láthair don suíomh atá ag an Stát ag Halla Bhaile na Sceach i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. 

Cheannaigh an Roinn Dlí agus Cirt an suíomh 165 acra de thalamh caomhnaithe in 2005. Bhí sé i gceist an príosún is mó sa tír a thógáil ar an suíomh a bheadh in ann suas le dhá mhíle príosúnach a choinneáil.

Caitheadh an plean i dtraipisí roinnt blianta ó shin agus níl aon cheo déanta leis an suíomh ó shin.

Chosain an togra os cionn €50 milliún go dtí seo.

Dúirt an tAire Flanagan go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil an suíomh á úsáid faoi láthair.