Meastar gur eitilt as gach sé cinn de chuid Ryanair a bheas curtha ar ceal amárach de bharr stailc lae na bpíolótaí san aerlíne. Píolotaí i gcúig thír atá i gceist - Éire, an Bheilg, an Ísiltír, an Ghearmáin agus an tSualainn.

Deir Ryanair go bhfuil paisinéirí curtha ar an eolas acu agus go gcuirfear eitiltí eile ar fáil dóibh nó go dtabharfar a gcuid airgid ar ais dóibh. 400 eitilt ar fad atá le cur ar ceal.

Tá an stailc seo beartaithe mar gheall ar an aighneas idir na píolótaí agus an aerlíne maidir le pá agus coinníollacha oibre.