Seoladh leabhrán nua i mBéal Feirste inniu faoin ról a bhí ag reisimint pharaisiút Arm na Breataine sa chathair sin ag tús na seachtóidí. 

Bunaithe ar thaifid atá ar fáil anois agus ar chuntais phearsanta shaighdiúirí na reisiminte atá an leabhrán. Is é Micheál Smith a scríobh agus Ionad Pat Finucane a d'fhoilsigh é. 

Léirítear sa leabhrán gur mharaigh na paratrúipéirí 28 duine i mBéal Feirste idir na blianta 1970 agus 1973. Tá an t-aon duine dhéag a maraíodh i mBaile Uí Mhurchú in imeacht trí lá i mí Lúnasa 1971 ina measc.  

Maraíodh 56 saighdiúir ón reisimint pharaisiút le linn na dTrioblóidí ó thuaidh.

Deir Ionad Pat Finucane go scrúdaítear sa leabhrán nua cultúr, traenáil agus meon na reisiminte a lig dóibh toil na bpolaiteoirí i Londain a chur i bhfeidhm i mBéal Feirste.

Nochtar ann 'féiniúlacht chorparáideach' chomh maith le freagracht chorparáideach na reisiminte as an iompar náireach a bhí ar bun acu, a deirtear. 

An reisimint sin a chaith agus a mharaigh na ceithre dhuine dhéag ar Dhomhnach na Fola i nDoire sa bhliain 1972. 

Agus é ag scríobh ar nuachtán an Daily Telegraph inniu, dúirt iarcheannasaí Arm na Breataine Edwin Bramall go mbeadh sé áiféiseach agus éagórach an dlí a chur ar na saighdiúirí a bhí freagrach as na maruithe ar Dhomhnach na Fola.